Top Local Places

Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin

Teach Mor, Lettermullan, Ireland
History Museum

Description

ad

Tá Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin agus Gharumna suite i Leitir Mealláin i gceartlár na Gaeltachta i gCeantar na nOileán aoibhinn, álainn - The Lettermullen and Gorumna Heritage Centre is located in the heart of the Connemara Gaeltacht Tá Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin agus Gharumna suite i Leitir Mealláin i gceartlár na Gaeltachta i gCeantar na nOileán aoibhinn, álainn. Osclaíodh an tIonad Oidhreachta i mí Meithimh 2009 agus tá an-suim agus spéis ag muintir na háite agus ag cuairteoirí i gcéin is i gcóngar i mbailiúchán príobháideach John Bhaba Jeaic Ó Confhaola atá ar taispeáint ann. Tá éagsúlacht iontach sa bhailiúchán seo ó chartlann leathan ghrianghraf go leabharlann foilseacháin go seanuirlisí gabha, feirmeoireachta, siúineara agus cócaireachta. Is fiú go mór bualadh siar chomh fada linn chun an bailiúchán a fheiceáil duit féin agus níl Trá Huston álainn ach dhá nóiméad siúl síos an bóthar uainn agus is féidir leat siúlóid álainn aerach a dhéanamh síos chomh fada leis an Túr Lloyd ar Oileán Ghólaim.
The Lettermullen and Gorumna Heritage Centre is located in the heart of the Connemara Gaeltacht in the Islands region of Lettermullen. The Heritage Centre was opened in June 2009 and local people as well as visitors from near and far have shown a huge interest in the private collection of John Conneely on display here. It is a very varied collection ranging from a wonderful photographic archive to a publications library to a collection of old tools and instruments used in forging, farming, carpentry and cooking. It is well worth the visit back to us to see the collection for yourself and Huston’s Beach is only a stone’s throw away from the centre and the Lloyd’s Tower on Golam Head is a short scenic walk from the centre.

CONTACT

RECENT FACEBOOK POSTS

facebook.com

facebook.com

A Chairde Ba mhaith le Coiste Oireachtais Leitir Mealláin & Gharumna buíochas ó chroí a ghlacadh le gach duine a thacaigh linn agus muid ag eagrú Féile 2016. Urraíocht faighte le buíochas ó; Ara Mara Bradán Beo-Leitir Mealláin/Cill Chiaráin Peadar Mac Fhlannchadha-Conradh na Gaeilge Tigh Lee-Leitir Mealláin Tigh Jack-Eanach Mheáin Tigh Phlunkett-Leitir Móir Tigh Nioclas-Casla Tigh Gheraghty-Sruthán Bia Blasta-An Cheathrú Rua "Athrú"Gruigeadóir-An Cheathrú Rua Costcutters Tigh Bhreathnaigh-An Cheathrú Rua Cogaslann Agatha-An Cheathrú Rua Tigh Mhicí-An Cheathrú Rua Anú Áilleacht-Cuileann, An Cheathrú Rua Iasc Mara Paddy O'Brien-Aran Ferries Slemons-Forbacha Spailpín Fánach Ceardlnn an Spidéil Tigh Chualáin-Coill Rua Tigh Durkin-Baile na hAbhann Tigh Chlarke-Rosmuc Tigh Mháille-Rosmuc Máirtín Ó Donnell-Spidéal. Comhghairdeas le Tom a' tSeoige ar bronnadh Gradam na Féile air agus é toillte go maith aige. Buiochas le John beag Ó Flatharta a rinne an bronnadh ar Tom a' tSeoige agus a chum Dán breá do Tom in onóir na hócáide. Buíochas ó chroí leis na Ceoltóirí, Micheál Ó Domhnaill, Sonnaí Choilm Learraí & Dara Phat Stephen agus gach duine a chan Amhrán ar an oíche. Céard is féidir a rá faoi Mhuintir Rath Cairn, nár laga Dia sibh. Tháinig Bus as Rath Cairn ag an bFhéile, is é Máirtín Chóil Nan a' Pháidín Mac Donnacha a d'oscail an Fhéile. Buíochas speisialta do Jim Horgan a rinne obair iontach ar an dá mhac a sabhail do Húicéir na Gaillimhe a bhí againn mar dhuais ar an Raifil agus an bronnadh. Glacann an Coiste buíochas le John Lynch agus a fhoireann as ucht an Bia a réiteach agus breathnú amach dúinn ar feadh na deireadh seachtainne. Mhol John Bhaba Jeaic Leac Cuimhneacháin a chuir suas sa Máimín in onóir an Ámhránaí cáiliúil Darach Ó Catháin, is é Seáinín Chóil Nan a' Phaidín Mac Donnacha a thug an Óráid agus a nocht an Leac agus a rinne fíor jab dhó. D'fhiarr an Coiste ar Scéim Fostaíochta Pobail Gharumna an leac a shocrú agus rinne Patrick agus a chriú sár jab, bail ó Dhia orthú. Mar sin do gach duine a tháinig ag an bFhéile, an Teachta Dála, Catherine Connolly, Muintir Dharach as Leeds, Rath Cairn, muintir na háite ó Bhearna go Carna go tóin Leitir Mealláin Griangraifeadóirí, gach duine a cheannaigh Ticéid agus Féilirí. An tAthair Ó Gríofa a léigh Aifreann Dharach í Leitir Móir Glacann Coiste Féile Oireachtais Leitir Mealláin & Ghaumna buíochas libh.

facebook.com

Féile Oireachtas na nOileán Galf Chúrsa Eanach Mheáin 28-30 Deireadh Fómhair 2016 Clár Imeachtaí An Aoine 28ú Deireadh Fomhair 6.00 - 7.00 Buifé Bia Mara 7.00 - 7.30 Oscailt Oifiguil Fáiltiú le Mairtín Chóil Nan Mac Donnacha 7.30 - 8.30 Léacht le Seosamh Ó Cuaig 8.30 - 10.30 Oíche omáis don Fhile agus Cumadóir Tom a'tSeoige Fear an Tí: Ciarán Ó Fátharta 10.30 - 12.30 Seisiún ceoil le ceoltóirí/damhsórí áitiula agus as na hÓileáin éagsúla An Sathairn 29ú Deireadh Fómhair 3.00 - 6.00 Ag leagan Leac Cuimhneacháin in omás an Ámhránaí cáiliúil Darach Ó Catháin Máimín, Rath Cairn agus Leeds Tosoidh muid sa Máimín, an áit a mbeidh Páraic Chóil Nan Mac Donnacha ag nochtadh Leac Chuimneacháin i gcuimhne Dharach. Cuairt ar Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin agus Gharumna. Imeachtaí Éagsúla 1. Turas ar n hoileáin tréighe (ag brath ar an aimsir) 2. Comórtas gailf i gCumann Gailf Oileain Chonamara, Eanach Mheáin. 6.00 -8.00 Dinnéar sa Ghalf Chúrsa 8.00 10.00 Ceolchoirm le ceoltóiri, damhsóirí agus amhránaí ó na hOileáiiin éagsula 10.00 -12.00 Ceol le Banna Ceoil "Dó fá Dó" (Seo Banna Ceoil as Rath Cairn nach bhfuil cloiste i gConamara go dti seo) €5.00 Cead Isteach (ar mhaithe le Riaradh an Ionad OIdhreachta) An Domhnach 30ú Deireadh Fómhair 11.30 - 12.00 Afreann le hAnam Dharach Uí i Séipéal Leitir Moir 12.00 ar aghaidh Fagáil Slán - tae/Caife agus sólaisti in Ionad Pobail Leitir Móir. Tarraingt á dhéanamh ar an gCrannchur An chéad duais na Bád Seoil (ar scála beag)

facebook.com

Comóadh Stephen Larkin ina leagfar bláthfhleasc ar a uaigh. Beidh an mionbhus ag fágáil Leitir Mealláin le dhul go Monivea ar an Domhnach 29ú Bealtaine ag 8.30 r.n. Beidh sé ag stopadh ar an mbealach chun daoine a bhailiú ag Séipéal Thír an Fhia , Séipéal Leitir Móir agus ag Tí Khitt i nDoire Né. costas an bus €10 Wreath Laying Ceremony for Stephen Larkin The Mini Bus will be leaving Lettermullen for Monivea on sunday 29th of may at 8.30 a.m. Pick up points on route Tiernea church,Lettermore church and Ti Kitts . Return cost €10

facebook.com

Comóradh Bás Stiofán Ó Lorcáin Ar an Domhnach 29 Bealtaine 2016 ag 11.30 r.n. i Reilig Monivea leagfar Bláthfhleasc ar uaigh Stiofán Ó Lorcáin. I ndiaidh an searmanas i Halla Pobal Monivea beidh taispeantas ar a shaol agus an páirt a bhí aige in Éirí Amach an Casca 1916. Ar thaispeantas beidh earraí maraon le roinnt gunnaí macasamhlach ón am sin. Le cur leis an gceiliúradh beidh ceol, amhránaíocht agus scealaíocht imBéarla agus i nGaeilge ó Sonaí Choilm Learraí agus a chlann, Glór na dTonn, Steve Sweeney, Rónan Ó Conghaile agus go leor eile. Beidh soláistí ar fáil. Fáilte roimh chách. Commemoration of the Death of Stephen Larkin On Sunday 29 May at 11.30 a.m. in Monivea Graveyard a wreath will be laid on the grave of Stephen Larkin. After the ceremony, in Monivea Village Hall, there will be an exhibition in celebration of his life and his part in the 1916 Rising. This will contain items from the period including some replica guns. There will be music, songs and storytelling in both Irish and English from Sonai Choim Learraí and family, Glor na dTonn, Stephen Sweeney, Rónán Ó Conghaile and others. Refreshments will be provided. All are welcome.

facebook.com

Stiofán Ó Lorcáin/ Stephen Larkin Leagfar bláthfhleasc comórtha i Reilig Monivea ar uaigh Stiofán Ó Lorcáin ó Oileán Dhaighinis, Leitir Mealláin ar an 29 Bealtaine 2016. Ghlac Stiofán Ó Lorcáin pairt in Éiri Amach na Cásca 1916. Leanfadh an comóradh ar aghaigh ina dhiaidh sin i mBaile Monivea. Am agus ionad le deimhniú. Fáilte roimhe chách. A commemorative wreath will be laid in Monivea Graveyard on the grave of Stephen Larkin from Dinish Island, Leitir Mealláin on 29 May 2016. Stephen Larkin took part in the 1916 Easter Rising. Commemorative celebrations will continue in Monivea village afterwards. Time and venue to be confirmed. All are welcome.

facebook.com

Thirteen little eggs went to the market, but how did they get there? They went in a specially designed wickerwork basket. Nach turas tuirsiúil é d'uibheacha beaga dul chun an mhargaidh? Nach maith an rud go bhfuil ciseán teolaí acu mar bhealach.

facebook.com

Eolas ag Teastáil: STIOFÁN Ó LORCÁIN Rugadh i nDaighinis Conamara 1882 Fuair bás Monivea, Gaillimh 1958 An t-aon duine as Ceantar na n-Oilean i gConamara a ghlac pairt in Eirí Amach na Cásca 1916 Information Needed: STEPHEN LARKIN Born Daighinis Connemara 1882 Died Monivea, Galway 1958 The only person from Ceantar na n-Oileán in Connemara who took part in the Easter Rising 1916

facebook.com

Campa Cásca Chomhar Chuigéal 2016 Tosú Dé Luain an 21/03/2016 go dtí Dé hAoine an 25/03/2016 10.00 r.n. ****** 3.00 i.n. Ionad Pobail Leitir Mealláin & Cé na hAirde Costas €40.00 Glaoigh ar Eilín ag 087-6871628 — at Cé na hAirde.

facebook.com

facebook.com

facebook.com

Quiz

NEAR Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin